Seolann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán ar Twitter maidir le tacair sonraí

23rd Mí na Nollag 2022

Sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) fiosrúchán dá dheoin féin inniu de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (‘an tAcht’), i ndáil le roinnt tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta inar léiríodh gur cuireadh ceann amháin nó níos mó de thacair sonraí thiomsaithe de shonraí pearsanta úsáideoirí Twitter ar fáil ar an Idirlíon. ...

Finéalacha ón Choimisiún um Chosaint Sonraí dearbhaithe

30th Mí na Samhna 2022

Inné dhearbhaigh Cúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath cinntí an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) chun fineálacha riaracháin idir €1,500 agus €17 milliún a ghearradh ar shé eagraíocht éagsúil. Tá na cinntí maidir leis an sé fiosrúchán ar leith ar fáil thíos. ...

Staitisticí Gearán Trasteorann an Ionad Ilfhreastail

04th Mí Deireadh Fomhair 2022

Ar mhaithe le bheith freagrach agus trédhearcach, d’fhoilsigh an DPC tuarascáil i Márta 2022 lena gcuirtear forléargas ar fáil bunaithe ar fhíricí agus anailís staitistiúil mhionsonraithe maidir le láimhseáil an DPC ar ghearáin an OSS sa tréimhse ó Bhealtaine 2018 go dtí deireadh 2021. ...

Foilseacháin

Sa rannán seo, gheobhaidh tú tuarascálacha foilsithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC).

San fho-rannán ‘Tuarascálacha Bliantúla’ tá na tuarascálacha bliantúla go léir a fhoilsigh an DPC gach bliain ó cuireadh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Is féidir teacht ar thuarascálacha a foilsíodh sular cuireadh an GDPR i bhfeidhm sa rannán Tuarascálacha Bliantúla Roimh GDPR ar ár suíomh gréasáin.

Cuireann DPC na hÉireann dréacht-chinneadh Airteagail 60 isteach maidir le fiosrúchán ar TikTok

13th Mí Meán Fomhair 2022

Ar an 13 Meán Fómhair 2022 chuir an Coimisún um Chosaint Sonraí (DPC) dréacht-chinneadh maidir le fiosrúchán mórscála ar TikTok Technology Limited faoi bhráid Údarás Maoirseachta Bainteacha eile trasna an AE. Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo i Meán Fómhair 2021 agus scrúdaigh sé próiseáil áirithe a rinne TikTok ar shonraí pearsanta leanaí. ...