Ceisteanna Coitianta
Tá ábhar imní agam maidir le híomhá atá ar fáil ar Google Street View. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
I gcás go ngabhtar íomhánna le ceamaraí Street View, is gnách go mbíonn moill ama ann idir na híomhánna a ghabháil agus iad a fhoilsiú ar an Idirlíon. Dá bhrí sin, níl an íomhá atá ar fáil trí Street View ina híomhá ‘fíor-ama’.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an seasamh maidir le grianghraif/físeáin a bheith á dtógáil ag daoine aonair in áit phoiblí?
Ní ann d’aon ní sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) lena gcuirtear cosc ar dhaoine grianghraif a thógáil in áit phoiblí. Ar an gcoinníoll nach bhfuil aon duine á c(h)iapadh agat, is ceadmhach de ghnáth grianghraif a thógáil de dhaoine amuigh sa phobal agus is é is dóichí go gcáileoidh sé sin le haghaidh na díolúine tís atá faoi Airteagal 2(2)(c) RGCS.
Ceisteanna Coitianta
Cé na bearta slándála ba cheart dom a bheith i bhfeidhm agam chun sonraí pearsanta a chosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe?
Ceanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) go gcuirfí bearta slándála cuí i bhfeidhm ina gcuirtear san áireamh an dochar a d’eascródh as próiseáil de thaisme nó neamhdhleathach, lena n-áirítear scriosadh, cailleadh nó athrú na faisnéise, nochtadh neamhúdaraithe na faisnéise nó rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis. Ba cheart rúndacht, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht leanúnach na gcóras próiseála a chinntiú leis na bearta slándála.
Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) i ndáil le do chearta cosanta sonraí, is féidir leat déanamh amhlaidh trí fhoirm Ghréasáin a chur isteach, trí ríomhphost a sheoladh, leis an bpost nó ar an teileafón.
Ceisteanna Coitianta
Conas a dhéanaim beartas príobháideachta?
Is é is fógra cosanta sonraí (dá ngairtear “beartas príobháideachta” freisin) ann ná uirlis cuntasachta lena gcabhraítear le rialaitheoir sonraí a thaispeáint go bhfuil sé ag comhlíonadh an dlí um chosaint sonraí, go háirithe i ndáil leis na hoibleagáidí atá air faoi phrionsabal na trédhearcachta (Airteagail 12 go 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)) agus comhlíonadh a dhéanamh ar an gceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis áirithe a fháil i ndáil le hoibríochtaí próiseála an rialaitheora sonraí.
Ceisteanna Coitianta
Cad is ról an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ann?
Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an t-údarás náisiúnta neamhspleách in Éirinn atá freagrach as seasamh leis an gceart bunúsach atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach go dtabharfaí cosaint dá sonraí pearsanta. Dá réir sin, is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta in Éirinn atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Ceisteanna Coitianta
Cad é an seasamh maidir le grianghrafadóireacht oifigiúil leanaí ag ócáidí scoile?
Is minic a thógann scoileanna grianghraif nó a fhostaíonn siad grianghrafadóirí chun freastal ar ócáidí a bhaineann leis an scoil chun ócáidí tábhachtacha a ghabháil. Is ann do shé bhunús dlí do shonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus ní mór do scoileanna a chinntiú go mbeidh siad in ann brath ar cheann amháin de na bunúis dlí sin sula bhféadfaidh siad na sonraí pearsanta a phróiseáil.
Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh institiúid airgeadais m’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a iarraidh agus cuntas nua á oscailt agam?
Is le hAirteagal 6(1)(c) agus (e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a fhoráiltear don bhunús dleathach le haghaidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a iarraidh, i gcás gur achtaíodh reachtaíocht faoi I.R. Uimh. 136 de 2008 – Na Rialacháin um Thuairisceán ar Íocaíochtaí (Bainc, Cumainn Fhoirgníochta, Comhair Chreidmheasa agus Bainc Thaisce), 2008.
Ceisteanna Coitianta
Cá fhad ba cheart sonraí pearsanta a shealbhú chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chomhlíonadh?
Tá oibleagáid ar rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a phróiseáil de réir phrionsabal an teorannaithe stórála, a fhágann go gcoinneofar sonraí pearsanta i bhfoirm lena gceadaítear na hábhair sonraí a shainaithint go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an difear idir Saoráil Faisnéise agus Cosaint Sonraí?
Is é an phríomhfheidhm atá ag Saoráil Faisnéise ná an pobal a chumasú chun rochtain a bheith aige ar fhaisnéis a n-úsáideann nó a dtáirgeann comhlachtaí poiblí iad nó atá i seilbh comhlachtaí poiblí.