Ceisteanna Coitianta
Cé na cumhachtaí atá ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí?
Tá raon leathan cumhachtaí ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chun na cearta cosanta sonraí atá ag daoine aonair a fhorfheidhmiú agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí cosanta sonraí atá ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí.
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) maidir le daoine éagtha?
Níl feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. Má bhaineann an tsaincheist le sonraí pearsanta duine aonair éagtha, dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí dul chun cinn a dhéanamh ar an ní seo duit thar do cheann toisc go dtagann sé lasmuigh den dlí um chosaint sonraí.
Ceisteanna Coitianta
Cad is an díolúine tís ann?
Níl feidhm ag an dlí um chosaint sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcás go gcoinníonn duine aonair na sonraí pearsanta agus nach mbaineann na sonraí pearsanta ach amháin le bainistíocht a g(h)nóthaí pearsanta, teaghlaigh nó tís nó i gcás go gcoinníonn duine aonair na sonraí pearsanta chun críocha áineasa (Airteagal 2(2)(c) den Rialachán Ginearálta
Ceisteanna Coitianta
Cad is faisnéis iomarcach ann?
Is é is faisnéis iomarcach ann ná faisnéis/sonraí pearsanta nach n-éilítear chun críche próiseála. Ba cheart d’aon rialaitheoir sonraí a iarrann faisnéis/sonraí pearsanta ó ábhar sonraí a bheith in ann údar a thabhairt leis na cúiseanna le gach píosa sonraí pearsanta a iarraidh.
Ceisteanna Coitianta
Cad is Rialaitheoir Sonraí agus Próiseálaí Sonraí ann?
Is é is rialaitheoir sonraí ann ná an duine aonair nó an duine dlítheanach (cuideachta nó údarás poiblí, mar shampla) a chinneann críocha agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta; i bhfocail eile, déanann an rialaitheoir cinntí ábhartha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, amhail cinneadh a dhéanamh ar na críocha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta
Ceisteanna Coitianta
An bhfuil mo thoiliú ag teastáil chun go bhféadfar mo shonraí a phróiseáil?
Ar an drochuair, níl ann ach miotas nach mór do rialaitheoirí sonraí toiliú a fháil le haghaidh GACH críche próiseála agus ba chúis í sin le mearbhall agus imní a bheith ar líon ard ábhar sonraí.
Ceisteanna Coitianta
Cad é an difear idir an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus RGCS?
Tá an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí difriúil leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) sa mhéid is gur treoir a trasuíodh i ndlí na hÉireann trí bhíthin an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, faoi Chuid 5, í an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.
Ceisteanna Coitianta
Cad is próiseáil agus tuilleadh próiseála ann?
Faoi Airteagal 4(2) RGCS, ciallaíonn “próiseáil” rud éigin a dhéanamh le sonraí pearsanta duine aonair, amhail na sonraí pearsanta a bhailiú, a thaifeadadh, a nochtadh, a athrú nó a cheadú, nó iad a stóráil go bunúsach. Ní ceadmhach do rialaitheoir sonraí a phróiseálann sonraí pearsanta na sonraí riachtanacha a phróiseáil ach amháin chun na críche sonraí arb é atá ann comhlíonadh a dhéanamh ar na cuspóirí ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh na sonraí ar dtús.
Ceisteanna Coitianta
Cad is sonraí catagóire speisialta ann?
Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tugtar cosaint bhreise do chatagóirí áirithe sonraí pearsanta, dá ngairtear “sonraí catagóire speisialta”, faoi Airteagal 9 RGCS. Is ionann sonraí catagóire speisialta agus sonraí lena léirítear:
Ceisteanna Coitianta
Cad is údarás inniúil ann faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí?
Faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, féadfaidh údarás inniúil a bheith ina chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil cumhachtaí aige chun nithe coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.