Leas-Choimisinéir um Ghnóthaí Teicneolaíochta Rialála is ea Ultan O’Carroll. D’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí ar feadh breis agus seacht mbliana roimhe sin. Le linn na tréimhse sin, stiúir sé an obair ar nithe comhairleacha agus beartais teicneolaíochta don Choimisiún ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, d’oibrigh sé ar fud aonaid rialála an Choimisiúin ar nithe iniúchóireachta, comhlíonta agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le heagraíochtaí ilnáisiúnta. Leanann Ultan leis na róil sin a stiúradh le linn tréimhse ina mbíonn athrú agus fás bunathraitheach i réim i gcomhthéacs a mbíonn gné idirnáisiúnta mhéadaitheach ag baint leis agus i dtírdhreach teicneolaíochta a bhíonn ag leathnú. D’oibrigh Ultan go fairsing san earnáil phríobháideach laistigh de thionscail teicneolaíochta sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn sula ndeachaigh sé isteach in oifig an Choimisinéara.
Próifíl
ról
Nithe Comhairleacha Teicneolaíochta agus Slándála
Tacaíocht Maoirseachta agus Forfheidhmiúcháin
Nithe Teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh