Sandra Skehan

Sandra Skehan, Deputy Commissioner (Acting) and Head of regulatory Activity Ceapadh Sandra Skehan ina Leas-Choimisinéir (Gníomhach), Ceann Gníomhaíochta Rialála, i mí na Bealtaine 2022. Is fostaí de chuid an Choimisiúin í Sandra ó 2015 a bhfuil freagracht uirthi as go leor aonad lena n-áirítear aonaid um láimhseáil gearán agus an tAonad um Measúnú Dearbhaithe ag leibhéal an Choimisinéara Chúnta. Sa ról atá aici faoi láthair, tá sí freagrach as roinnt réimsí laistigh den Choimisiún um Chosaint Sonraí lena n-áirítear Aonaid maidir le Sárú Náisiúnta agus Trasteorann, Aonaid um Láimhseáil Gearán, Aistrithe Idirnáisiúnta agus ábhar a bhaineann leis an Treoir um Fhorfheidhmiú an Dlí (LED).

Bhain Sandra MSc sa Ghnó agus Bainistíocht amach san Fhoras Riaracháin (IPA), Céim sa Ghnó agus Dlí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá Dioplóma Iarchéime san Oideachas agus Teastas Gairmiúil i gCosaint Sonraí aici.

Aonaid Fhreagracha:

  • Láimhseáil gearán
  • Imscrúduithe
  • Measúnú maidir le Fógraí Sáraithe
  • Aistrithe idirnáisiúnta
  • Fógraí agus gearáin sáraithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí