Próifíl

Ceapadh Ian Chambers mar Leas-Choimisinéir, Ceann um Ghnóthaí Túslíne, Sáruithe, Gearáin agus Faisnéis, i mí na Samhna 2022. D’fhóin sé mar Choimisinéir Cúnta sa Choimisiún um Chosaint Sonraí le trí bliana roimhe sin, ag gníomhú dó mar cheann ar an Aonad Faisnéise agus Measúnaithe. D’oibrigh sé i roinnt réimsí éagsúla ó chuaigh sé isteach sa státseirbhís sa bhliain 2013, lenar áiríodh ról i riarachán na cánach maoine áitiúla leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ról in Aonad Imscrúduithe Inmheánacha na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Ina ról reatha, tá freagracht air as na hAonaid seo a leanas laistigh den Choimisiún:

Photo
Image
ról
An tAonad Faisnéise agus Measúnaithe
An tAonad Luathfhreagartha
An tAonad um Fhógraí faoi Sháruithe
An tAonad Idirghabhála Dírí