Próifíl

Leas-Choimisinéir agus Ceann um Ghnóthaí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí is ea Fleur O’Shea.  Sa ról sin, bainistíonn Fleur Aonad Dlí an Choimisiúin, atá freagrach as comhairle dlí a thabhairt don Choimisiún chun tacú leis a chuid feidhmeanna a chur i gcrích.  Tugann an tAonad Dlí comhairle go díreach d’aonaid feidhme an Choimisiúin ar fud raon leathan disciplíní, lena n-áirítear léirmhíniú reachtúil de bhun dhlí na hÉireann agus dhlí an Aontais Eorpaigh agus comhairle maidir le ceanglais an nóis imeachta chóir de bhun dhlí na hÉireann agus dhlí an Aontais Eorpaigh.  Tugann sé comhairle agus tacaíocht don Choimisiún maidir le nithe rialachais inmheánaigh freisin, lena n-áirítear maidir leis an dóigh a gcomhlíonann an Coimisiún na hoibleagáidí atá air mar chomhlacht reachtúil.

Tar éis di cáiliú mar aturnae sa bhliain 2010, d’oibrigh Fleur i gcleachtadh príobháideach, mar chuid de ghnólacht dlí mór Éireannach, sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún i mí Eanáir 2019.  Agus í ag obair i gcleachtadh príobháideach, rinne Fleur speisialtóireacht sa dlí fostaíochta agus comhionannais agus, ag gníomhú di tríd an meán sin, ghnóthaigh sí saineolas agus taithí ar leith sa dlí cosanta sonraí.  Le linn na tréimhse sin, thug Fleur comhairle do raon leathan eintiteas earnála poiblí agus príobháidí i ndáil le gach gné den dlí cosanta sonraí i gcomhthéacs na háite oibre.  Sula ndeachaigh sí isteach sa Choimisiún, thug Fleur comhairle dlí fhairsing i ndáil le gach gné de na sásraí comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach i gCaibidil VII den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus i ndáil leis an gcóras fíneála a bunaíodh le hAirteagal 83 GDPR.