Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh eagraíocht m’fhaisnéis choinnithe cárta creidmheasa a athúsáid chun críche eile ina dhiaidh sin?
I gcás go mbailítear sonraí pearsanta atá stóráilte ar chárta creidmheasa/dochair chun idirbheart a dhéanamh agus, ach amháin i gcás go bhfuil an chríoch luaite go soiléir, is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcríochnóidh an chríoch ar chuici a bhailítear na sonraí tar éis íoc as táirge nó seirbhís (ar ina leith is féidir go gceadófar tréimhse réasúnach ama le haghaidh ceisteanna leantacha a bhaineann le híocaíocht). Ní mór na sonraí a scriosadh ar bhealach slán ansin.
I gcás go gcoinníonn eagraíocht sonraí pearsanta le haghaidh seirbhís síntiúis a athnuachan go huathoibríoch, bheimis ag súil leis gur chomhaontaigh an custaiméir ar bhealach éigin leis an bpróiseáil bhreise sin. Tá sé sin ar aon dul leis na moltaí ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir leis an mbunús dlí do shonraí cárta creidmheasa a stóráil, sa mhéid is go ndealraíonn sé gurb é toiliú faoi Airteagal 6(1)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) an t-aon bhunús dlí cuí amháin do shonraí cárta creidmheasa a choinneáil chun críche eile ina dhiaidh sin. Mar sin féin, i gcás gur féidir le heagraíocht a léiriú gurb ann do chaidreamh leanúnach le custaiméir, agus i gcás go bhfuil sí ag úsáid mionsonraí íocaíochta ar aon dul leis na téarmaí agus coinníollacha a bhí leagtha amach tráth a chláraigh an duine don táirge/don tseirbhís, ní dóigh go dtiocfaidh aon ábhar imní cosanta sonraí as mionsonraí cárta creidmheasa a úsáid in idirbheart uath-athnuachana.
Agus faisnéis cárta creidmheasa á stóráil acu, ní mór do rialaitheoirí aird a bheith acu ar na hoibleagáidí atá orthu faoi Airteagal 32 RGCS i ndáil le slándáil na próiseála.