Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2020
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn 2020
De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an DPC mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an DPC ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí.
Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an CCS de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta.
|
Dáta na hIarrata |
Catagóir Iarrthóra |
Achoimre ar an Iarraidh |
An Bhreith a Tugadh |
Dáta an Fhreagra |
|
14/02/2020 |
Iriseoir |
Miontuairiscí gach cruinniú de Choiste Ardbhainistíochta (SMC) an DPC in 2019 |
Géilleadh don iarraidh go páirteach
|
28/05/2020 |
|
11/03/2020
|
Eile |
An líon foirne DPC a fuair deimhniúcháin nó cáilíochtaí sonracha sa chosaint sonraí ó 25 Bealtaine 2018 |
Géilleadh don iarraidh
|
15/05/2020 |
|
01/06/2020 |
Iriseoir |
Liosta de gach ordú ceannaigh thar €20,000 do 2019 agus don chéad ráithe de 2020 |
Géilleadh don iarraidh |
02/07/2020 |
|
10/08/2020 |
Eile |
Liosta de gach imeacht ina ndearna foireann DPC labhairt nó cur i láthair in 2019 mar a tagraíodh dóibh sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain sin |
Géilleadh don iarraidh |
05/09/2020 |
|
18/08/2020 |
Eile |
Cóipeanna de mhiontuairiscí gach cruinniú den bhord (nó údarás dá leithéid) idir Eanáir agus Lúnasa 2020 |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
29/09/2020 |
|
04/09/2020 |
Iriseoir |
Liosta de chúrsaí oiliúna, seimineáir agus cur cuir i láthair eagraithe ag an DPC in Oifigí ó Eanáir 2019 go dtí dáta na hiarrata, chomh maith leis na costais a bhain leo agus ainmneacha na soláthraithe cúrsa |
Géilleadh don iarraidh |
06/10/2020 |
|
01/10/2020 |
Iriseoir |
Líon agus Cineál na Sáraithe ar Shonraí a bhí an DPC freagrach astu don bhliain féilire 2019 go dtí go ndearnadh an iarraidh in 2020 |
Géilleadh don iarraidh |
29/10/2020 |
|
21/10/2020 |
Eile |
An cás gnó, na hamlínte, próiseas soláthair agus costais a bhain leis an gCóras Bainistíochta Cáis |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
23/12/2020 |